Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair Teoranta, Príomh Oifig Doirí Beaga. Donegal
074 9531279 info@gaothdobhaircu.ie
Tá ár gcomhar creidmheasa anseo don phobal, ní ar mhaithe le brabús!    View in English

Ballraíocht

Bí i do Bhall

Tá ár gcomhar creidmheasa anseo don phobal, ní ar mhaithe le brabús!

Cad chuige go mbeifeá i do Bhall?

Tá go leor buntaistí ag baill an chomhair chreidmheasa, lena n-áirítear:-

Níl táillí - Seirbhísí Saor in Aisce - Áisiúil - Buntaistí don Phobal

  • Ní ghearrtar aon táille, muirear nó costais chothabhála ar an chúntas
  • Tá réimse leathan seirbhísí airgeadais ar fáil againn le lascainí éagsúla agus seirbhísí saor in aisce do bhaill
  • Rátaí úis iomaíocha ar iasachtaí
  • Toradh ar do choigilteas trí dhíbhinní bliantúla agus aisíoc úis iasachta
  • Íoc isteach i do chuid coigilteas nó an iasacht atá agat a íoc trí dhochar díreach nó trí asbhaint tuarastail gan aon ghá le bualadh isteach san oifig
  • Árachas Coigiltis Saoil agus Cosaint Iasachta gan aon chostas díreach do bhaill incháilithe

Conas is féidir liom bheith i mo bhall?

Chun a bheith incháilithe do bhallraíocht i gComhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair, caithfidh tú a bheith i do chónaí nó ag obair taobh istigh dár limistéar banna coitianta, sin Ghaoth Dobhair, na Rosa agus Cloich Cheann Fhaola.

Is ionann an banna coitianta agus an fachtóir a thugann baill ar fad Chomhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair le chéile. Mar gheall ar an banna coitianta, tá gach ball ar mhaithe le leas an chomhair chreidmheasa; tá aithne acu ar a chéile agus tá muinín acu as a chéile.

Ní mór duit 2 chineál aitheantais a chur i láthair agus tú ag iarraidh a bheith i do bhall agus tá €5 ar a laghad riachtanach le cuntas a oscailt agus é a choinneáil gníomhach.

Dhá chineál aitheantais. Tá gá le cineál amháin aitheantais ó gach aon roinn acu seo thíos:

1. Fianaise Aitheantais (ní mór go dtaispeánfadh sé sin cruthúnas dáta breithe & an grianghraf is déanaí), m.sh., Pas reatha bailí, Ceadúnas Tiomána reatha bailí, Cárta Aitheantais reatha bailí
2. Cruthúnas maidir le Seoladh (ní mór go mbeadh an seoladh ina bhfuil tú i do chónaí faoi láthair le feiceáil air), m.sh. an Bunbhille Tí is déanaí (m.sh. BSL, Teileafón) nó Ráiteas Bainc nó Cumann Foirgníochta.

Déan teagmháil linn inniu le foirm iarratais ballraíochta a fháil.